‘Home Rule Albanach’ – Máirtín Ó Cadhain (1954)

Máirtín Ó Cadhain (1906–1907).
An ìomhaigh bhon seo.

Air an latha seo, 18 Dàmhair 1970, shiubhail fear de na sgrìobhadairean Gaeilge a bu chudromaiche dhen 20mh linn, Máirtin Ó Cadhain. Às an Spidéal ann an Conamara, ’s e Poblachdach daingeann a bh’ anns a’ Chadhnach. Chuir e seachad bliadhnaichean an Dàrna Cogaidh ann an campa-prìosain air sgàth a chuid poileataigs. Ghabh e ri sòisealachd agus Marxachas cuideachd, agus fad a bheatha rinn e strì mhòr dhrùidhteach airson na Gaeltachta às an robh e, agus airson Gàidhlig na h-Èireann. Dh’fhàg e dìleab anabarrach mòr air poileataigs radaigeach Ghàidhealach chun an latha an diugh. Tha an sgrìobhadh aige, gu sònraichte an nobhail Cré na Cille (1949), am measg seudan litreachas na h-Èireann.

An seo, tha dà alt a sgrìobh e anns an Irish Times sa Ghiblean 1954. ‘S ann air a’ ghluasad airson fèin-riaghladh Albannach a tha Ó Cadhain a’ beachdachadh. Tha e caran annasach do dh’Albannaich smaoineachadh mu cho eadar-dhealaichte ’s a bha an àrainneachd phoileataigeach ann an Alba anns na 1950an an taca ris an latha an-diugh. ‘S e gluasad dha-rìribh air an oir a bh’ ann an nàiseantachd Albannach an uair ud – seach a bhith a’ putadh aig geataichean na neo-eisimeileachd mar a tha i (’s dòcha) a-nise.

Tha an Cadhnach a’ tòiseachadh a’ chiad alt le iomradh air cùis-chùirte, san t-Samhain 1953, anns an robh ceathrar nàiseantach fo chasaid ullachadh gus ionnsaigh armaichte a thoirt air an riaghaltas Bhreatannach ann an Alba. Ma bha na meadhanan loma-làn bheachdan mu ‘Arm Poblachdach na h-Alba’ aig an àm, rinn sinn dearmad orra gu sgiobalta.

Gheibhear geàrr-chunntas air eachdraidh a’ ghluasaid nàiseantaich anns a’ chiad alt agus an dream measarra bun-reachdail a’ faighinn làmh an uachdair bho na 1940an. Mar a tha Aindrias Ó Cathasaigh air sgrìobhadh (Caiscín, td. 4), bha Ó Cadhain fada na bu bhàidheil ris an fheadhainn mhì-fhoighidnich, eastramaich a dhiùlt a leithid de mhodhalachd. Daoine leithid a’ bhàird Hugh MacDiarmid.

Anns an dàrna alt, tha MacDiarmid agus an t-Ath-bheòthachadh Albannach fon phrosbaig. Tha e cho luachmhor sealladh Ghàidheil Èireannaich fhaighinn air a’ ghluasad chultarach is phoileataigeach a bha seo – coimeasan fhaicinn eadar Èirinn is Alba, mì-thuigse, bho àm gu àm. Rud a chuir iongnadh orm ’s e cho beag de dh’iomradh a bh’ ann air na bàird Ghàidhlig ann an Alba. Dè cho eòlach ’s a bha Máirtín agus Somhairle air a chèile? Tha mi cinnteach gum biodh iad air a bhith nan sàr chompanaich.

‘S ann bhon leabhar Caiscín: Altanna san Irish Times 1953/56 (1998) deasaichte le Aindrias Ó Cathasaigh, a fhuair mi lorg air na h-altan seo – agus tha tòrr a bharrachd ann mun Ghàidhlig agus poileataigs Albannach. Chan eil an leabhar ann an clò tuilleadh agus tha e garbh fhèin doirbh grèim fhaighinn air. Sin as adhbhar gun do chuir mi blasad dheth an seo.

~~~~~

Díchur Tórann

Ó fuadaíodh Cloch Scón níor chuir strainséaraí an oiread suim i nuaíocht Albanach ar bith is a chuireadar i dtriáil lucht na bpléascán faoi Shamhain.

Arbh ag iarraidh dóigh mhaga a dhéanamh den spiadóire a bhí na hóigfhir úd? Nó an oiread leas a bhaint as is a d’fhéadfaidís? An bhfuil Arm Poblachtach na hAlban ann dáiríre?… Ceisteanna a dhúisíos a lán ceisteanna eile.

De bharr treascairt choga a chailleamarne Éireannaigh ár saoirse. Is amhlaidh a nascadh Sasana agus Albain le chéile faoi aon rí i 1603. Taobh amuigh den dá choróin níor nascadh aon ní eile. Ar feadh céad bliain bhí an tsnaidhm sin i gcontúirt a scaoilte. Ba shin ceann de na cúiseanna gur comhcheanglaíodh an dá phairliméad i 1707.

Throid na Garbhchríocha leo leathchéad bliain eile le Stiúrdach a chur ina rí ar an mBreatain Mhór. B’fhada a bhí na hAlbanaigh ag súil ar ais lena saoirse. Lena linn sin d’fheabhsaigh cúrsaí talamhaíocht. Neartaigh tráchtáil na tíre as cuimse. Faoi dheireadh thiar tháinig an Mhúirthéacht Thionscalach. Ba ghearr go raibh longa de shnadhmadh na Cluaidhe ar fud an domhain. San ollrathúnas rinneadh dearmad ar na seanfhala agus ar an tsaoirse. Cláirseach nua na hAlban, An Ghail, a shantaigh daoine a chloisteáil. Sa naoú céad déag tosaíodh ar an bhféileadh a chaitheamh aríst agus spreag Scott go háirid gné de náisiúntacht, náisiúntacht mhaothnasach chúigiúil. An tráth céanna agus ar an gcúis chéanna rinne Béal Feirste dearmad ar ’98 agus ar Chearta an Duine.

Ní raibh Albain gan a Fletcher nó a Muir, corrdhuine nach ligfeadh an biorán suain ann féin. Is go righin réidh, beagnach i ngan fhios di féin, a chaill sí substaint a saoirse. Tá ráthú in Acht an Aontais ar Chearta na nAlbanach, a ndlí agus a nEaglais. Ba réimiúla go mór Eaglais na hAlban ná an Pairliméad an tráth úd. Ta an tsaoirse sin ag an Eaglais go fóill. Tá sé d’oibleagáid ar gach Rí nua geallúint a thabhairt go gcosnóidh sé pribhléid na hEaglaise sin. Is córas ar leith freisin é dlí na hAlban. Na daoine a d’fhuadaigh Cloch Scón b’fhearr leo, má bhí gabháil ina gcionn, gurbh in Albain a ghabhfaí iad. Cúirt Albanach agus Albanaigh a chaithfeadh breithiúnas a thabhairt orthu sa gcás sin.

Choinnigh na hAlbanaigh greim dhocht ar chúrsaí gnó agus geilleagair a dtíre in imeacht an 19ú céad ar fad. B’fhearr an rath a bhí ar an bpobal in Albain ná i Sasana sa gcéad sin. Díreach roimh an gCéad Choga a tosaíodh ar thionscail, beaincéaracht, árachas agus mar sin a nascadh le gnóthaí Sasanacha dá gcomhshamhail. Ba mhór a chuidigh an náisiúnú tionscail a bhí ar siúl ag Rialtas an Lucht Oibre leis an nascadh sin. Bhí Albanaigh a chreid nár thosaíodar ag cailleadh a neamhspleáchais gur tháinig an Lucht Oibre i gcumhacht. Fós féin shílfeá ar a lán acu go mbeadh a dtír saor ach an Bhainríon a chorónú i nDún Éidinn!

Tá gluaiseacht neamhspleáchais de chineál eicínt in Albain ariamh ó spreag Parnell é. D’fhéach na hIonadaithe Albanacha sa House of Commons le rún Home Rule a rith cheithre huaire idir 1890 agus 1900. Chuir Asquith aríst dlús leis an éiliú céanna: rialtas réigiúnta d’Éirinn, d’Albain agus don Bhreatain Bheag. I 1911 dúirt Winston Churchill i nDún Dé:

Ní haon rud in éadan comhláine na Ríochta Aontaithe é pairliméad Albanach a chur ar bun le freastal do ghnó na hAlban. Ní haon rud in éadan comhláine na Ríochta Aontaithe é deis rathúil a thabhairt, ar an gcaoi sin nó ar chaoi eicínt eile, d’Albanaigh chun go soláthróidís an dlí speisialta a bhaineas leosan agus leosan amháin. Creidim má thugtar an scéim sin chun críche nach hé amháin gur fearadh mór ar shaol náisiúnta na hAlban sin, ach ar phoilitíocht agus ar shaol poiblí na Ríochta Aontaithe chomh maith.

I 1913 tugadh dhá léamh do Bhille ar son Home Rule d’Albain. Ochtar d’Ionadaithe na hAlban a bhí ina aghaidh. Ritheadh sa House of Commons é le 85 d’earasbár. Ansin tháinig an Coga agus ar nós Home Rule na hÉireann caitheadh ar an bhfara é. Ar an bhfara atá sé ó shoin.

Níor héiríodh as an éiliú, ámh. Tá na Libearalaigh i dtólamh i leith Home Rule. Míthráthúil go leor níl oiread is suíochán acu in Albain! Mar Fhreasára bíonn Conlán an Lucht Oibre go tréan ar a thaobh! Go deimhin is é a chosúlacht go mbíonn an Freasúra thall chomh fabharach do Home Rule Albanach is bhíos an Freasúra abhus do mheamraim an Bhlaghdaigh!

Uaireanta rinne na hAlbanaigh rudaí seachas meamraim a scríobh. Is cuimhneach le daoine “An Chluaidhe Dhearg,” Wendy Woods agus Óglaigh na hAlba, an rud a d’éirigh do Chlaidheamh Wallace agus Douglas Young a bheith sa bpríosún in imeacht an Choga… Aithris, aithris thrua amanta, ar ghluaiseacht réabhlóideach na hEorpa nó na hÉireann, nó ar an bpéire i bpáirt.

8 Aibreán 1954

Athbheochaint

Tá gluaiseacht tábhachtach amháin, an gluaiseacht liteartha, faoi chomaoin ionann is uilig ag Éirinn.

Fearacht Chonra na Gaeilge agus ár n-Athbheochaint Náisiúnta féin is mar ghluaiseacht cultúrtha a thosaigh Renaissance na hAlban. Aithris ar Hyde, ar Yeats, ar Synge, ar Chilltartanais a bhí ann. Is féidir a rá gurb é an dán fada A Drunk Man Looks At The Thistle le Grieve, no Hugh Mac Diarmid mar thugas sé air féin, tionscaint an ghluaiseacht sin. I 1926 tháinig sé amach. Cuireadh eagrán eile dhe ar fáil le goirid anuas. Deireann an Réamhrá gur bhain céad-fhoilsiú an dáin an oiread sin de gheit as an bpobal is dá mba “childbirth in church” a bheadh ann.

Níor sháraigh Mac Diarmid féin ná duine ar bith dá lucht leanúna an iarracht sin, go fóill ar aon chor. Tá lucht leanúna iomadúil aige: Mac Lellan, Douglas Young, Spence, Goodsir Smith, Soutar, Robert Garioch, Alexander Scott i mBéarla, Mac Gille Eathain agus Deorsa Caimbéal Hay i nGáidhlig. Ach shroich scréachail an naíonáin cluasa gach duine eile i dteampall liteartha na hAlban an uair sin agus ó shoin. Munro. Linklater. Sir Compton Mac Kensie, dar ndóigh. Neil Gunn ar cuntas faoin tsean-Gháidhealtacht é a úrscéal Butchers Broom. James Bridie a shaothraigh an giota de scríbhneoireacht Radio is fearr gus nuige seo agus arb é triall Tharlaigh ar Londain a ábhar.

Is dual do gach gluaiseacht nua go mbeadh cur ina aghaidh. Bhí cur in aghaidh an ghluaiseacht seo ag meán­aicme Ghlascú a bhí ar a ndícheall á ngalldú féin. Bhí cur ina aghaidh go háirid i ngeall ar an aithris ar Éirinn. “Ireland was considered a dangerous example—though not so dangerous now.” Is í Glascú an t-aon chathair Bhreataineach amháin nar shúigh chuici féin ariamh i gceart na hÉireannaigh callóideacha.

Chuir an gluaiseacht nua críoch leis na Kailyarders. Cáineadh an méid de Hogg, de Thomson, Stevenson agus de Scott nach ar Albain a thrácht agus nach sa gcanúint Albanach a bhí scríofa. Dúirt Mac Diarmid gur dhual d’Albain dhá theanga, an Gháidhlig agus an sean-Bhéarla Albanach, an Lallans.

It was the gud langage of this land.

Ba í Lallans teanga na cúirte tráth. Bhí réim an Provencal sa bhFrainc aici, nó an Chatalóinis sa Spáinn. Ba í teanga Dunbar, Henryson, Gawin Douglas í, teanga Ramsay, Ferguson agus Burns níos deanaí ná sin. Ba í a bhí ag íseal agus uasal ar an Machaire nó go raibh an 18ú céad thar droim. Fós féin is í a labhraíos tuathánaigh agus ísealaicme na mbailte móra uilig. Ní hí an Béarla í,, dar ndóigh, atá ag lucht na nGarbhchríocha nó na Gáidhealtacht.

Luíonn sé le réasún go mbeadh canúintí in urlabhra nar saothraíodh ó scríobh Burns í tá dhá chéad bliain ó shoin. Shocraigh Mac Diarmid agus a lucht leanúna caighdeán saorga foghraíocht agus scríbhneoireacht. Chumadar téarmaí Lallans ar rudaí nua-aosacha. Rinneadar focla agus abairtí a athbheochaint as Albanais an 16ú aois.

Tá siad le deich mbliana fichead anois ar an gceird sin. Forbairt, arsa tusa. Ach amháin nach Beann Madagáin é Mac Diarmid agus nach ag iontú clasaicí pairliméid atáthar!

Le dramaí a bhaint as an áireamh is beag prós Lallans atá á scríobh ar aon chor. Tá, ar a laghad, dramadóir oilte amháin, Mac Lellan, ag saothrú Lallans. Drama stairiúil leis­sean, chuaigh na mílte de gach sórt go dtí é, i nGlascú agus sna bailte móra ar fud an Mhachaire.

B’fhéidir, ámh, gurb é an toradh is tábhachtaí ar a saothar go bhfuil siad i ndiaidh cur faoi deara do mhuintir a dtíre grinndhearcadh ar a saol dúchais féin. Tá an-ghlaoch anois ar leabhra faoi Albain agus ábhair Albanacha. Tá fuath tugtha ag daoine do na seanstaraithe agus iad tar éis stair a dtíre a léamh as an nua i leabhra ar nós an chuid a scríobh Agnes Muir Mac Kensie.

Is é dalta na hÉireann acu é ó thús go deireadh. Is as an ngluaiseacht liteartha a ghabhlaigh gach gné den Athbheochaint náisiúnta go léir. Ba náisiúntóirí Albanacha na scríbhneoirí a lean treoir Mac Diarmid. Choinníodar cúis na hAlban os cóir an phobail.

Is i nDún Éidinn is láidre a cuireadh in aghaidh oifigiúlacht Shasana le cupla céad bliain. Meánaicme Ghlascú agus a mbolscaire an Glasgow Herald is fíochmhaire atá in aghaidh an ghluaiseacht liteartha agus náisiúnta. Is dual, ámh, gurb í “an chathair is Ceiltí sa domhan” airmheán náisiúntacht na hAlban freisin. Daingean libearalachais agus radacalais a bhí in Ollscoil Ghlascú i gcónaí. Thogh sí an Náisiúntóir, Compton Mac Kensie, mar Reachtaire agus níos deireannaí John Mac Cormack, taoiseach an Chúnaint.

Beag an t-ionadh mar sin gurbh in Ollscoil Ghlascú, in 1928, a bunaíodh Conlán Náisúinta na hAlban. Beag an t-ionadh ach oiread an sórt daoine a bhunaigh é: mac léinn, file, dlíodóir agus duine de sheanuaisle na Gáidhealtacht. Chreid seanmhná, dar ndóigh, go rabhthas tar éis an Pápa a thabhairt ceilte i long as Éirinn agus gur ligeadh amach é in éindigh leis na beithígh ag an nGrianaig! Ba ghearr go raibh meid an Chomuinn Gháidhealaigh sa gConlán, 100 craobh, 10,000 comhalta, mórair, mianadóirí….

Gach pietas is dual fógraíonn an Conlán Náisiúnta ar a chuspóirí é. Éilíonn se ceannas iomlán ar chúrsaí geilleagair. Tá sé toilteanach cuid d’fhorlámhas poilitíocht na tíre a thabhairt suas do Stáit Aontaithe na hEorpa!…

D’ainmnigh an Conlán go leor iarránaigh Pairliméid ó bunaíodh é. Chaill a bhformhór a gcuid éirnisí. Is é an gnáth­leithscéal é a chloiseas tú abhus: faitíos ar an oibrí má chuidíonn sé leis an Náisiúntóir gurb é an Conservative a ghnóthós an súiochán. Is cuma cé an sórt gluaiseacht Albanach—Náis[i]únta, Cúnantach, ná eile—atá ann, is leis na Conláin mhóra a théas an pobal, le linn toghcháin.

Aon duine amháin den Chonlán Náisiúnta a toghadh ariamh, an Dr. Mac an tSaoir, i dtoghcheantar Motherwell i 1945. Le linn dó a bheith ag gabhail a shuíocháin i Westminster, tharla raic, raic de ghné Albanach a bhfuil sé doiligh go leor againne Éireannaigh é a thuiscint. B’eigean do Cheann Comhairle an House of Commons rialú a rinneadh sa mbliain 1688 a tharraingt chuige féin, le Mac an tSaoir a choisceadh óna shuíochán a ghabháil gan uchtálaithe! Bhí Mac an tSaoir ag iarraidh a chruthú, is cosúil, gurbh é an “English Parliament continuing” a bhí ag rialú!

I ndeireadh an Choga tháinig borradh faoin gConlán Náisiúnta. Cuid den fháth a bhí leis sin gur thug na daoine a bhí á ndíscaoileadh as an arm cluais dó. D’aon iarraidh baineadh an chinnnireacht d’intleachtóirí an fhéileadh, de na Sóisialaithe spéacláireacha, de na filí folt-fhada….

Bhí rudaí nua ag dul i gcion ar na hAlbanaigh. Ghabh gluaiseacht an neamhspleáchais cruth úr.

14 Aibreán 1954

~~~~~

Tùs: Aindrias Ó Cathasaigh, deas., Máirtín Ó Cadhain, Caiscín: Altanna san Irish Times 1953/56 (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1998).

Sgrìobh beachd