‘Saothar Fear nDomhain’ (1917 [1912]), Caibideil a h-Aon. Eadar-theangachadh le Liam Ó Rinn air Peadar Kropotkin.

Pìos ann an Gàidhlig na h-Èireann a tha seo. Rinn Liam Ó Rinn (1886-1943), à Baile Átha Cliath, na h-uiread airson Gàidhlig Èireannach a chur air sgrìobhaidhean chan e a-mhàin ann am Beurla ach ann an cànanan eile. B’ esan an rinn an tionndadh Gàidhlig de Bhunreacht Shaorstáit Éireann (1922), agus de Bhunreacht na hÉireann(1937) a tha ann an lagh chun an latha an-diugh. ‘S e laoidh nàiseanta na dùthcha ‘Amhrán na bhFiann’. Ged a b’ e Peadar Ó Cearnaígh (1883-1942) a sgrìobh e bho thùs ann am Beurla, mu 1909 no 1910 mar ‘The Soldier’s Song’, ’s e an dreach Gàidhlig dheth as ainmeile – a-rithist, air a dhèanamh le Liam Ó Rinn ann an 1923.

Ach an seo, tha eadar-theangachadh de sheòrsa eadar-dhealaichte againn. Air ais ann an 1912, thòisich Ó Rinn air Gàidhlig na h-Èireann a chur air Fields, Factories and Workshops (1899, a’ chiad eagran) leis a’ chomannach-anargach Ruiseach, Peadar Kropotkin (1842-1921). Chaidh an leabhar fhoillseachadh ann an eagranan ùra eadar 1901 agus 1919. ‘S e clasaig a tha seo ann an litreachas comannach-anargach. Stèidhichte air toraidhean rannsachaidh agus dòigh-obrach shaidheansail, tha Kropotkin a’ sgrùdadh leasachaidhean eaconomach ’na latha. Tha e ag argamaid airson atharrachaidhean a chuireadh às do neo-ionannachd ann am beairteas, a thaobh diofar sheòrsaichean de dh’obair, agus eadar ceàrnaidhean leasaichte is neo-leasaichte san t-saoghal. Bha e den bharail gum feumadh tomhas mòr de dhì-mheadhanachadh (decentralisation) ghnìomhachasan a bhith ann, agus measgachadh de dh’obair-chuirp is inntinne a bhith aig daoine, airson comann-sòisealta daonna.

Cho fad ’s as fiosrach leinn, cha do chuir Ó Rinn crìoch air an eadar-theangachadh – a’ ruigsinn an treas caibideal (faic nòtaichean gu h-ìseal). Ach, tha e ùidheil dha-rìribh gun deach a dhèanamh idir agus tha e coltach gun robh daoine leithid Uí Rinn airson beachdachadh air dè an seòrsa atharrachaidhean a dh’fhaodadh a bhith ann às dèidh dhaibh saorsa nàiseanta a thoirt a-mach.

 

SAOTHAR FEAR nDOMHAIN.

CAIBIDEAL 1.

Scaoileadh na gCeárdaidheacht.

Cé aca is fearr ceárda do roinnt nó céarda [sic] do chur le chéile. — Leathadh na hoilteachta ar ear[r]aí dheunamh. — Gach náisiún ag deunamh earraí dhi féin. — Na Trí Ríoghachta. — An Fhrainc. — An Ghearmáin. — An Rúise. — “Comórtas na Gearmáine.”


 

Is cuimhin le cách an cheud chaibideal den leabhar a scríobh Adamh Smith ar nádúr ollamhaitheas na náisiún agus ar na neithe fé ndéar é. Tá an chaibideal san chomh hiongantach san agus do léigheadh agus do haithscríobhadh chomh minic sin i go bhfuil sí de ghlanmheabhair ag fiú na ndaoine úd de lucht economiceachta na haimsire seo gur annamh dóibh leabhair príomhughdair na heconomice do léigheamh agus gur minic dóibh gan aon chuimhneamh a bheith aca ar na smaointe nochthar ins na leabhraibh sin. Is geall le halt creidimh an chaibideal san ag lucht economice um an dtaca so agus is geall le gluais uirthi cúrsaí economice an domhain i gcaitheamh an chúig scór bliadhan d’imthigh thorainn ó scríobhadh í.

Isé brígh na caibidile sin ná gur cheart gan acht aon cheárd amháin nó cuid de chéird a bheith ag gach duine fé leith nó ag gach náisiún fé leith, agus go deimhin toisc a mhéid a roinneadh gach ceárd, ina codaibh agus ina mion-chodaibh buana, ó shoin, tá an chine daonna rannta ina n-acimibh atá geall le bheith chomh buan agus chomh deighilte ó chéile agus bhídís aicmí na hIndia sa tsean-aimsir. Sa cheud áit, tá an dá aicme mhóra again, .i. lucht saidhbhris a sholáthar agus lucht saidhbhris a chaitheamh, agus is beag a chaitheamh an cheud aicme díobh agus ní mór a shólathraighean an dara haicme. Annsan, tá an lucht soláthair rannta arís ina lucht obair chuirp a dheunamh agus ina lucht obair aigne dheunamh agus an dá aicme dhíobh deighilte ó chéile i dtreo nách [sic] fearrde aon taobh aca é. Agus na daoine dheineann obair chuirp, tá siadsan ina dhá n-aicme mhóra, leis, .i. an aicme shaothraigheann an talamh agus an aicme dheineann earraidhe. Agus tá an aicme dheiridh sin ina bhfó-rannaibh dí-áirmhe agus iadsan chomh mion san gur dhóigh le duine gurb é saghas oibridhe is mó thaithneann le daoine san aimsir seo ná an fear (nó an bhean), nó fiú amháin an garsún (nó an cailín beag), ná beadh eolas aige air chéird ná aon phioc dá chuimhneamh aige ar cadé an saghas an gnó go mbeadh baint aige leis agus ná feudfadh, i rith an lae ná i gcaitheamh a shaoghail, acht bhieth i gcomhnuidhe ag deunamh mionchoda áirithe d’earra éigin, duine, cuir i gcás, a chaithfeadh a shaoghal, óna thrí bliadhna deug go dtí n-a thrí fichid, ag comáint carra guail roimis ar an aon bhall amháin den mhianach, nó ag deunamh springeanna i gcóir sceana lúbtha, nó ag deunamh “an t-ochtmhadh cuid deug de bhiorán,” mar adeirtear. Badh gheall le seirbhíseach do shaghas éigin meaisín a leithéid nó, neachtar aca, badh gheall le halt fola agus feola de mheaisínteacht éigin ana-mhór é, gan aon phioc dá fhios aige cionnus a bheadh an mheaisínteacht ag deunamh na ngluaiseacht go léir ná cad chuige na gluaiseachtaí i n-aon chor.

Tá gach cineál oilteacht láimhe dhá chaitheamh i leathtaoibh mar iarsma ón tseanaimsir a bheadh daor chum dul i ndearmhad. [sic] In ionad an cheárdaidhe chliste go mbíodh taithneamh aige d’obair a dhá lámh féin isé rud atá anois againn ná fear ar slabhradh agus an slabhradh daingnighthe. Agus dá mb’é an sclábhuidhe bocht féin é, a bhíodh ag obair ar an dtuaith, ní fada go mbeidh seisean imthighthe uainn., leis, de dheascaibh na foghluma bréige seo. Dá chrudhaas [sic] é an saoghal a bhíodh ag an sclábhuidhe feirmeora roimhe seo, bhíodh saordháil éigin aige : bhíodh a thigh féin aige, an áit ’nar tógadh é féin agus a dtáinig roimis agus a shíl sé bheith aga shliocht ina dhiadh ; agus nuair a théigheadh sé amach ar an bhfeirm ba dheas leis bheith ag feuchaint ar na páirceanna agus ar an dtalamh dhá shaothrú agus níor dhóigh leat ná go raibh a chroidhe i ngach fód de. Deirtear ná oireamhnaigheann sé an saoghal atá indiu ann agus go gcaithfear a chir ina ionad, air fheirm i mBonánsa, cuir i gcás, spailpín a tógfaí i n-aimsir i gcóir an tsamhraidh agus a scaoilfí chun siubhail arís ar theacht an fhoghmhair : fánuidhe bóthair ná fillfeadh go deo arís ar an áit ina mbeadh sé taréis barra bhai t [sic] aon uair amháin. “Níl ann acht beagán bliadhan,” arsa lucht na heconomice, “go mbeidh an talamh dhá shaothrú do réir na bhfíor-phrínsiobal a bhaineann le hobair do roinnt agus le gleusadh ceárdaidheachta na haimsire seo.”


 

Foclóirín.

Economiceacht nó economic .i. economics .i. an léigheann a bhaineann le cor gach tíre, nó gach cuid de thír, i dtaobh sochar talmhan agus sochar céirde, do scrúdughadh. Lucht economice (nó, -eachta), nó lucht economice politice (nó stáit) .i. political economists .i. lucht lucht an léighinn sin adubhart. Economiceach (nó, -idhe) .i. duine dhíobh san. Economiceach .i. economic nó economical : reusúin economice = economic (or economical) reasons, cuir i gcás. Ní dheunfadh reusúin bhainistighe (nó, baileachais, 7c.) an gnó sa chás san mar ní fios ná gur drochbhaistighe a bheadh ann go minic. Duine baileach=an economical person. ’Sé sin, du[i]ne dheinean deaghbhainistighe ar  achuid/

Meaisínteacht .i. machinery.

Léigheann .i. a science .i. eolas cruinnighthe le chéile agus curtha in eagar. Léigheann ceudfadhach, .i.  natural science .i. an léigheann a fuaradh tríd na ceudfadhaibh, .i. radharc, éisteacht, blas, 7c. Léigheann absolóideach, .i. absolute science, .i. eolas a fuaradh ar nithe mar atáid ionta féin agus a cruinnigheadh le chéile agus a chuireadh in eagar. Léigheann liberálta (tá “liberálta,” sa chéill seo, sa Ghaedhilg cheana) .i. liberal science, aon tsórt léighinn a saothruightear tré ghrádh don eolas gan aon tsúil le profíd as. (Níl slighe dá thuille aca agam). Nuair adeir lucht Beurla : “Science says so and so,” is léigheann ceudfadhach an science sin, mar tá cumhangú deunta aca ar bhrigh an fhocail. Léigheann fisige, nó fisigeacht, agam ar “physics” nó “physical science.” Tá deifrigheacht bheag soir sin agus léigheann ceudfadhach (feic foclóir maith Beurla). Ní dheunfadh “ealadha” an gnó. “An art” a bhrigh sin ar fuaid na hÉireann. Cúpla ceud blian ó shin ní bhíodh aon difridheacht sa Bheurla agus i dteangthachaibh eile soir “science” agus “art.” Dá bhrigh sin tugtí “ealadha” ar an dá ní sa Ghaedhilg. Acht nuair a tosnaigheadh ar gach léigheann ceudfadhach do shaothrú go dian dob éigean teora chur le brigh gach focail díobh. Chím “ealadha” ag scríbhneoirí ar “science” agus “ealadha” ag scríbhneoirí eile ar “art.” Níl annsan acht leanbaidheacht. Caithfimíd gan na deacrachtaí sheachaint agus gan bheith ag imirt “hide and go seek” ar an gcuma san.

Springeanna .i. springs. Bhfu[i]l éinne a thabharfadh a mhalairt dfhocal dom, focal ná beadh leath dosaon brigh leis[.]

Liam Ó Rinn.

 

~~~~~

Chan eil an seo ach a’ chiad phàirt den chiad chaibideil san eadar-theangachadh. Fhuaireadh seo ann an An Claidheamh Soluis (Márta 24, 1917), agus lean e air san iris sin. Tha Conradh na Gaeilge air An Claidheamh Soluis a chur air-loidhne an seo, agus tha mi ’nan comain.

Chaidh an t-eadar-theangachadh fhoillseachadh an toiseach ann an Irish Freedom: ‘Saothar Fear nDomhain’ (An Cheud Chaibideal), Nollaig 1912 – ‘Saothar Fear nDomhain’ (Caibideal III), Samhain 1914.  Faic:  Máire Daltúin, Liam O Rinn (1886-1943): Scríbhneoir Cathrach agus Criticeoir Iarchoilineach’ (Clár Saothair) (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Tràchdas PhD, 1913), tdd 55-56. Tha seo ri fhaotainn an seo.

An tras-sgrìobhadh seo, agus mearachd sam bith a tha ann, le T. MacAilpein (2019). Tha tras-sgrìobhaidhean de earrannan eile den eadar-theangachadh rim faighinn ann an Corpas Stairiúil na Gaeilge 1600-1926.

Faodar teacs tùsail ann am Beurla, Fields, Factories and Workshops: or Industry Combined with Agriculture and Brain Work with Manual Work (1912), a leughadh an seo.

Mu dheireadh, bu mhath leam taing mhòr a thoirt do dh’Aindrias Ó Cathasaigh. Leugh mi mun eadar-theangachadh seo sa chiad dhol a-mach ann an Ó Cathasaigh, Réabhlóid Phádraic Uí Chonaire (Baile Átha Cliath: Coiscéim, 2007).

Sgrìobh beachd